Synopsis
Tá Beo, ar Éigean dhá chur i láthair ag Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, Siún Ní Dhuinn, agus Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Episodes
-
Beo Ar Éigean eagrán speisialta in Londain
03/06/2022 Duration: 43minChuaigh na BAÉs chomh fada le Londain le bheith i measc na nGael le Conradh na Gaeilge sa chathair álainn.
-
Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One: Fuinneamh agus forbairt
30/05/2022 Duration: 44minD'athraigh Sinéad a saol le déanaí, idir post nua agus teach nua.. cén chaoi ar fhorbair sí mar dhuine de réir na n-athruithe seo
-
Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One: Ó ghiggle go gáire os ard
24/05/2022 Duration: 44minAn tseachtain seo ar Bheo ar Éigean, tá Siún, Sinéad agus Áine ag caint faoi na nithe sa saol a chuireann ag gáire iad... fiú nuair nár cheart! Cén uair ar phléasc siad amach ag gáire go deireanach? Cén áit a aimsíonn siad an chraic dóibh féin?
-
Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One: Cad é a thugann an 'ick' duitse?
16/05/2022 Duration: 44minIdir duine a bheith sprionlaithe go dtí drochbholadh, tá speictream mór de rudaí a thugann ann 'ick' dúinn. An féidir ariamh teacht tríd an 'ick' le duine agus más féidir, conas?!
-
Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One: Cad é an chuid is fearr don lá?
09/05/2022 Duration: 43minTá na BAÉs ag caint faoi na tréimhsí is deise sa lá, ó chéad rud ar maidin go déanach san oíche
-
Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One: Ag bogadh ar aghaidh
03/05/2022 Duration: 45minLabhair na BAÉS faoi bhogadh tí agus faoi bhogadh ar aghaidh sa saol mór.
-
Beo Ar Éigean: An Boyfriend bréige
05/04/2022 Duration: 30minSiún, Sinéad agus Áine ag labhairt faoin gcraic ar fad le seachtain anuas, i measc sin, hologram boyfriends!
-
Beo Ar Éigean ar an Tommy Tiernan Show
22/03/2022 Duration: 45minPlé agus craic faoi Shinéad, Shiún agus Áine ar The Tommy Tiernan Show
-
Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One: Feiceálacht agus teacht i láthair
14/03/2022 Duration: 47minConas a bhraitheann muid faoi bheith sa spotsholas? An bhfuil muid ar ár gcompord lenár bhfeiceálacht sa saol?
-
Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One: Lá idirnáisiúnta na mBan shona daoibh
09/03/2022 Duration: 52minAn leagan ceart de na BAÉs ag caint faoi Lá idirnáisiúnta na mBan!
-
Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One: Lá Idirnáisiúnta na mBan
08/03/2022 Duration: 01minGach bliain, cuirtear ceisteanna faoi lá áirithe seo. Pléann na BAÉs a gcuid taithí mar mhná agus a bhfuil le foghlaim acu
-
Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One: Fiúntas an fhiántais
08/03/2022 Duration: 47minTá Siún, Sinéad agus Áine ag caint faoin bhfiántas atá iontu, timpeall orthu agus a chothaíonn iad
-
Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One: Lá idirnáisiúnta na mban
08/03/2022 Duration: 47minTá Siún, Sinéad agus Áine ag caint faoi Lá Idirnáisiúnta na mBan a bhfuil le ceiliúradh agus le baint amach go fóill.
-
Beo Ar Éigean i gColáiste Chamuis
24/02/2022 Duration: 54minChuaigh Siún, Sinéad agus Áine chomh fada le Coláiste Chamuis i gConamara le labhairt leo siúd a bhí ag freastal ar chúrsa faoi leith ann.
-
Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One: Laethanta móra an fhéilire
17/02/2022 Duration: 48minTháinig Siún, Sinéad agus Áine le chéile le labhairt faoi na laethanta móra atá anois breactha síos sna dialanna againn. An fiú iad?
-
Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One: Mianta ár gcroí
08/02/2022 Duration: 47minLabhair na BAÉs faoi na nithe ar fad a theastaigh uainn nuair a bhí muid óg agus na nithe atá uainn anois!
-
Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One: Séasúr na mbreithlá
01/02/2022 Duration: 48minTá na BAÉs ag ceiliúradh a gcuid breithlaethanta le linn an chéad trí mhí eile, cad a dhéanfaidh siad agus cad is fiú na laethanta seo a mharcáil?
-
Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One: Béasaíocht an lae inniu
24/01/2022 Duration: 47minTá ár gcuid nósanna athraithe le tamaill anuas, cad is béasaíocht ann anois?
-
Beo Ar Éigean ar RTÉ Radio One: Chéad chéimeanna
17/01/2022 Duration: 47minLabhair Siún, Sinéad agus Áine mar gheall ar a dtaithí ag triail rudaí éagsúla don chéad uair; a gcéad phóg, a gcéad phost agus neart eile!
-
Beo ar Éigean ar RTÉ Radio One: An bhfuil muid ag síorathrú?
17/01/2022 Duration: 47minPléann na BAÉs an fonn a bhíonn orainn gach rud a chaitheamh san aer!